Seoladh Leabhar – ‘Deargadaoil i mBád fó Thoinn’ le Pádraic Breathnach

Ar an 2ú Márta 2013 ag 3pm, bígí linn le haghaidh seoladh úrscéal nua, ‘Deargadaoil i mBád Fó Thoinn’ le Pádraic Breathnach.

Deargadaoil i mBád fó Thoinn – An é seo an chéad úrscéal campais i nGaeilge? É breactha ag údar a chaith bunáite dhá scór bliain ag obair mar léachtóir i gcoláiste tríú leibhéal.

Is leabhar fuinniúil, gaisciúil é seo a mbainfidh cuid mhór daoine sult as. Meafar é an teideal do shaol conspóideach na hollscoile, an fhírinne shuimiúil seachas aoir. Ach cá bhfuil an chumadóireacht agus cá bhfuil an fhírinne?

Idir ghearrscéalta, úrscéalta, béaloideas is aistriúchán, seod é an seachtú leabhar déag le Pádraic Breathnach.  Tá saothar leis aistrithe go Béarla agus go teangacha mar an bPolainnis, Albáinis, Cróitis, Rómáinis agus Ioruais.

Tá sé pósta ar Anne agus triúr gasúr acu – Danann, Óban agus Íosla – agus ceathrar garchlainne – Shona, Aoibheann, Evan agus Bodhi Rae.  Ba léachtóir le Gaeilge é i gColáiste Mhuire Gan Smál, Ollscoil Luimnigh, ar feadh ionann is ceathracha bliain.  Is iomaí duais Oireachtais is eile gnóthaithe aige.  Bhronn An Foras Gael-Mheiriceánach Duais Liteartha an Bhuitléaraigh air i 1992.

Leave a Reply

Your email address will not be published. Required fields are marked *